MA106(I) : Calcalas sa Chéad Bhlian (Seimistear I)
Riachtanas
De ghnáth, grád A1 i Matamaitic
(gnáthleibhéal) san Ardteistiméireacht,
nó grád B3 ar a laghad san
Ardleibhéal. Níl aon gá le taithí ins an
Mhatamaitic trí mheán na Gaeilge.
An Cúrsa
Dhá léacht agus rang teagaisc
amháin sa seachtain a bhaineann leis an gcúrsa
MA106(I). (Roinntear an rang teagaisc idir MA106(I) agus an
modúl MA105(I) san Aigéabar). Ina theannta sin,
ní foláir dhá uair sa seachtain ar a laghad a
chaitheamh ar staidéar neamhspleách ar an modúl seo.
Sa bhlian 2011-12, Rachel Quinlan a bheidh mar léachtóir
do MA106(I).
Nótaí
Cuirfear nótaí iomlán ó na léachtanna anseo
ó am go ham i rith an seimistear.
Amanna agus Ionadaí
Léachtanna: Dé Luain, 1.10pm, Léachtlann &
Dé Máirt, 10.10am, Léachtlann &
Ranganna teagaisc: Amanna agus ionadaí
éagsúla. Fógraífear na sonraithe ins na léachtanna.
Measúnacht
Trí cleachtaí obair bhaile, scrúdú Nollaig, agus
trí ceisteanna i scrúdú an tsamhraidh a
chuimsíonn an measúnacht i MA106(I). Bainfidh cleacht
obair bhaile amháin agus ceist amháin i
scrúdú an tsamhraidh le gach uile de na trí chuid
den
siollabas (féach thíos).
Scrúduithe
Dhá scrúdú de achar trí uair a bheidh i
bhfeidhm ag deireadh na bliana, ceann amháin acu i gCalcalas
agus an dara ceann in Ailgéabar. Beidh sé cheist an
ceann ar na scrúduithe agus an luach céanna ag baint le
gach ceist. Ní foláir na ceisteanna go léir a
fhreagairt chun marc iomlán a fháil. Ní
foláir 40% a fháil ar an meán chun pas a
fháil ar an scrúdú go hiomlán.
ECTS
15 ECTS a bhaineann le MA106 agus MA107, déanta le chéile i
rith na bliana.
Siollabas agus torthaí foghlama do MA106(I)
-
1: Feidhmeanna leanúnacha
Siollabas
- Bunfeidhmeanna agus a ngraif.
- An fheidhm inbhéartach.
- Teorainneacha.
- An Teoirim Luach Idirmhe´nach; fréamhacha
cothromóidí.
Torthaí Foghlama
- Ag deireadh an mhodúil seo, beidh an eolas agus na
scileanna agat chun :
- graif de bhunfheidhmeanna a mhíniú agus a
sceitseáil;
- teorainneacha a luacháil ag pointe áirithe nó ag
éigcríoch;
- socrú an bhfuil inbhéarta ag
feidhm áirithe, agus é a fháil amach má
tá;
- an Teoirim Luach Idirmheánach a úsáid
chun réitigh cothromóidí a fháil
amach.
Beidh tú in ann teanga scríofa speisialta na matamaitice
a úsáid chun do chuid smaointe a chur in iúl
go soiléir agus go cruinn.
-
2: Calcalas Difreálach
Siollabas
- Sainmhíniú an dhíorthaigh agus a chiall
fisiciúl. Modhanna difre´la. Cruthú go bhfuil
feidhm leanúnach má tá sí
indifreálaithe.
- Teoirim an Mheánluacha; fréamhacha
cothromóidí.
- Uasluachanna agus íosluachanna, méadú
agus laghdú graif cuasacha agus dronnacha; na coincheapanna
seo a úsáid chun graif a sceitseáil go cruinn.
- Fadhbanna Optamúchána.
Torthaí Foghlama
- Ag deireadh an mhodúil seo, beidh an eolas agus na
scileanna agat chun :
- sainmhíniú an dhíorthaigh mar teorann a
úsáid chun díorthach feidhme bunúsach a
fháil amach;
- modhanna difriúla difreála a úsáid
chun díorthaigh éagsúla a fháil amach;
- Teoirim an Mheánluacha a úsáid chum fréamhacha
cothromóidí a fháil amach;
- uasluachanna, íosluachanna agus diallaitphointí a
aimsiú agus iad a úsáid chun graif a
sceitseáil;
- modhanna difriúla a úsáid chun fadhbanna
optamúchána a réitiú.
Beidh tú in ann teanga scríofa speisialta na matamaitice
a úsáid chun do chuid smaointe a chur in iúl
go soiléir agus go cruinn.
-
3: Frithdhíorthaigh agus cothromóidí difreálacha
Siollabas
- Feidhmeanna easpónantúla agus logartamaigh.
- Frithdhíorthaigh agus cothromóidí difreálacha indeighiltí.
- Fadhbanna fisiciúla a bhaineann le
cothromóidí difreálacha: meath
radaghníomhach agus dinimic pobail mar shamplaí.
Torthaí foghlama
- Ag deireadh an mhodúil seo, beidh an eolas agus na
scileanna agat chun :
- cothromóidí difriúla bunúsacha
éagsúla a réitiú go ginearálta;
- cothromóidí difriúla a úsáid chun
fadhbanna réadúla áirithe a
mhíniú go matamaiticiúl agus a
réitiú.
Beidh tú in ann teanga scríofa speisialta na matamaitice
a úsáid chun do chuid smaointe a chur in iúl
go soiléir agus go cruinn.
Téacsleabhar
Calculus (le James Stewart), agus na nótaí a chuirfear
ar líne.
Obair Bhaile
-
Fadhbanna 1 (chun tabhairt isteach 07/10/2011 nó roimhe sin)
-
Fadhbanna 2 (chun tabhairt isteach 21/10/2011 nó roimhe sin)
-
Fadhbanna 3 (chun tabhairt isteach 11/11/2011 nó roimhe sin)
Beidh 12 tascanna obair go léir i Matamaitic sa chéad
bhlian. Timpeall 3% den scór iomlán a bhaineann le gach
ceann acu.
Tá na spriocdhátaí docht. Ní aon seans ann
píosa obair bhaile a thabhairt isteach tar éis an
spriocdháta. Chun deacrachtaí a sheachaint is
maith an rud é obair a thabhairt isteach lá no dhó roimh
an spriocdháta.
Ní foláir teastus dochtúra a bhaineann leis an
tréimhse 72 uair roimh an spriocdháta (nó
comhbhrí) a thaispeáint chun saorú a
fháil ó phíosa obair bhaile.
Breiseolas
Ag na léachtanna.